The word 'ARCADE' in pink, stylized, 3D block letters with black background.

ARCADE

〰️

ARCADE 〰️

Spás cruthaitheach é Arcade atá á reáchtáil ag ealaíontóirí i mbaile Gaeltachta an Chlocháin Léith, Co. Dhún na nGall. Cothaíonn muidne an tallann, an béaloideas áitiúil agus an teanga, le meas ar an traidisiún agus súil chun cinn chomh maith fá dtaobh de chúrsaí ealaíne, dearaidh, pobail agus scéalaíochta.

Spás neamhbhrabúis é Arcade, atá á fhorbairt i dtólamh, agus tá ról lárnach aige i saol cruthaitheach na Rosann, fiú agus gan é oscailte ach le tréimhse ghairid anuas. Fríd an chomhoibriú, an pobal agus an táirgiúlacht, bíonn deis ag baill agus ag cuairteoirí s’againne ealaín a chruthú, a bheith i dtimpeallacht chruthaitheach, a bheith ag foghlaim agus a spreagadh, agus spás a chruthú dóibh féin chun cleachtas s’acu a fhiosrú. Tá sé ar intinn againn go mbeidh Arcade ina mol cruthaitheach lán gnímh don Iarthuaisceart, le taispeántais ealaíontóirí, ceardlanna agus clár éagsúil cultúrtha.

Menu

Socials

Drop us a line!

If you want to chat about a project, have any questions about coworking, or just want to tell us a story.

The word 'Arcale' written in large pink letters with a playful, bold font.