Obair Chomhionaid san Arcade.

Interior of a cozy cafe with wooden tables and chairs, framed artwork on the wall, a green plant near the window, and a large spherical hanging light.

Taithí faoi leith é a bheith ag obair i gcomhionad in Arcade. Bhí spás de dhíth orainn ina mbeimis in ann a bheith táirgiúil agus compordach, le háiseanna comhaimseartha ar nós WiFi a bhféadfaí brath air, timpeallacht spreagúil, áit a tharraingeodh daoine suimiúla chun rudaí suimiúla a dhéanamh, ach ní maith linn a bheith ag obair in áit a mhothaíonn ar nós oifige.

Ní raibh sé sin ar fáil go háitiúil.

Mar sin thóg muidne féin é!

A cozy kitchen corner with a vintage white cabinet featuring a red cross symbol, a glass coffee pour-over setup, two black electric kettles, a large green leafy fern plant, and a glass vase with a paper-filtered coffee dripper. Two yellow patterned cups with matching saucers are in the foreground on a tiled floor, and a glass cabinet with wooden framing displays dishware inside.
Vintage style interior with an orange velvet tufted sofa, a tall floor lamp with a floral patterned shade, a wooden dining table with chairs, artwork on the dark green walls, and a window with a sign in the background.
Interior of a cozy room with a large wooden table, surrounded by mid century wooden, adorned with colorful artwork and photographs on the walls, and illuminated by a round hanging light.
A vintage leather tufted sofa with a mid century wooden coffee table in front of it, positioned in a cozy room with posters on the wall and a potted plant on the right. The posters feature colorful and artistic illustrations.

Cad a chuirimid ar fáil

Tá spás oibre comhionaid againn do dheichniúr, ach tá 17 suíochán ann mar sin thig leat bogadh thart nuair a bhíonn athrú de dhíth ort. Rinneadh an troscán uilig le linn an chéid seo caite, mar sin tá cuma ghalánta air agus tá sé iontach compordach! Tá córas slán líonraithe againn, agus faigheann gach duine WiFi gasta an t-am uilig! (600/100 mbps ar an mheán) Tá cistineach ann fosta le cuisneoir/aerfhriochtóir/micreathonnán. Tá rogha iontach tae againn le cupaí ón tseanré, duilleoga tae, taephotaí agus beár caifé le déantóir doirtchaife Chemex/V60, espresso, agus uisce úr agus súilíneach.

Caith súil ar phacáistí s’againn go bhfaighidh tú rud inteacht a fhóireann duit féin!

  • Tá na buntáistí thuas uilig san áireamh sa phas lae. Bíonn fáil ar an spás ón 9 ar maidin go dtí an 6 tráthnóna.

  • Tá na buntáistí thuas uilig san áireamh sa phas Flexi5. Bíonn fáil ar an spás ón 9 ar maidin go dtí an 6 tráthnóna, Luan go hAoine d’aon chúig lá le linn thréimhse 4 seachtaine. Le Flexi5, faigheann tú lascaine 5% fosta ar rud ar bith a cheannaíonn tú in Arcade, lena n-áirítear sólaistí & ábhar brandáilte. Thig leat eochairchárta leictreonach a úsáid le teacht isteach, agus gheobhaidh tú é sin agus sonraí logála isteach don líonra slán WiFi nuair a cheannaíonn tú do phas.

  • Tá na buntáistí thuas uilig san áireamh sa phas Flexi10. Bíonn fáil ar an spás ón 9 ar maidin go dtí an 6 tráthnóna, Luan go hAoine d’aon chúig lá le linn thréimhse 4 seachtaine. Le Flexi10, faigheann tú lascaine 10% fosta ar rud ar bith a cheannaíonn tú in Arcade, lena n-áirítear sólaistí & ábhar brandáilte. Thig leat eochairchárta leictreonach a úsáid le teacht isteach, agus gheobhaidh tú é sin agus sonraí logála isteach don líonra slán WiFi nuair a cheannaíonn tú do phas.

  • Tá na buntáistí thuas uilig san áireamh sa phas Flexi15. Bíonn fáil ar an spás ón 9 ar maidin go dtí an 6 tráthnóna, Luan go hAoine d’aon chúig lá le linn thréimhse 4 seachtaine. Le Flexi15, faigheann tú lascaine 15% fosta ar rud ar bith a cheannaíonn tú in Arcade, lena n-áirítear sólaistí & ábhar brandáilte. Thig leat eochairchárta leictreonach a úsáid le teacht isteach, agus gheobhaidh tú é sin agus sonraí logála isteach don líonra slán WiFi nuair a cheannaíonn tú do phas.

  • Tá na buntáistí thuas uilig san áireamh sa phas Pro. Bíonn fáil ar an spás ón 9 ar maidin go dtí an 6 tráthnóna, Luan go hAoine d’aon chúig lá le linn thréimhse 4 seachtaine. Le Pro, faigheann tú lascaine 5% fosta ar rud ar bith a cheannaíonn tú in Arcade, lena n-áirítear sólaistí & ábhar brandáilte. Thig leat eochairchárta leictreonach a úsáid le teacht isteach, agus gheobhaidh tú é sin agus sonraí logála isteach don líonra slán WiFi nuair a cheannaíonn tú do phas.